Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
European Union

Staidéar, oiliúint agus obair dheonach a dhéanamh san Aontas Eorpach

Ag foghlaim san Eoraip

Cuidíonn an tAontas Eorpach leis na Ballstáit ina n-iarrachtaí na deiseanna is fearr oideachais agus oiliúna a chur ar fáil dá saoránaigh. Cuireann sé foghlaim teangacha chun cinn san Eoraip freisin ar na bealaí seo a leanas:

  • níos mó múinteoirí agus mac léinn a mhealladh chun teangacha a theagasc agus a fhoghlaim
  • mic léinn, oiliúnaithe, múinteoirí agus daoine óga a spreagadh le taisteal agus staidéar/obair a dhéanamh i dtír eile
  • líonraí a fhorbairt chun eolas agus taithí a roinnt

Más spéis leat staidéar, oiliúint nó obair dheonach a dhéanamh, is iomaí clár de chuid an Aontais atá ann chun cuidiú leat cur le d’oideachas, scileanna agus forbairt phearsanta in go leor Ballstát.

Staidéar a dhéanamh

An bhfuil tú ag smaoineamh ar staidéar a dhéanamh i dtír eile?

Faigh amach conas iarratas a dhéanamh, cá fhad a mhaireann cúrsaí, cé mhéad a chosnaíonn siad agus cé na scileanna teanga a bheadh de dhíth ort.

An bhfuil tacaíocht airgeadais uait le haghaidh staidéir nó oiliúna?

Cuirtear maoiniú, uirlisí agus acmhainní ar fáil tríd an gclár Erasmus+.

An mac léinn thú as tír nach Ballstát den Aontas í?

Faigh an t-eolas ar fad atá uait maidir le conas do staidéar a phleanáil agus a chur i gcrích san Eoraip.

Obair dheonach

An bhfuil spéis agat in obair dheonach?

Is iomaí bealach atá ann chun obair dheonach a dhéanamh le tionscadail Eorpacha agus idirnáisiúnta araon. Léigh faoi na féidearthachtaí atá ann.

Deiseanna taighde

An bhfuil spéis agat freastal ar ollscoil nó ar institiúid taighde i mBallstát eile den Aontas, obair a dhéanamh le taighdeoirí eile nó ar thionscadail a bhaineann le do thaighde féin nó atá cosúil le do thaighde féin?

Aimsigh poist taighde agus maoiniú de réir tíre

Ar thairseach EURAXESS, liostaítear na mílte folúntas agus comhaltacht ó níos mó ná 40 tír Eorpach agus ó réigiúin eile ar fud an domhain.

An bhfuil torthaí ó thaighde de chuid an Aontais á lorg agat?

Tá foilseacháin, leabharlanna, cartlanna agus foinsí sonraí eile uile an Aontais le fáil anseo.

Gnó a thosú

An fiontraí óg thú?

Chomh maith le tionscnaimh oideachais agus fostaíochta a mhaoiniú, maoiníonn an tAontas clár malartaithe idir Ballstáit éagsúla den Aontas le haghaidh fiontraithe óga atá ag teacht chun cinn agus cuireann sé maoiniú díreach ar fáil d’fheirmeoirí óga.

Eolas ginearálta

Is foinse eolais lárnach é Tairseach na hÓige le haghaidh na dtionscnamh go léir de chuid an Aontais maidir leis an bhfoghlaim, an obair agus an obair dheonach. Tá leideanna taistil, eolas maidir le malartuithe scoile agus tionscnaimh eile de chuid an Aontais ann freisin, cuir i gcás Idirphlé Óige an Aontais agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach.